Blog

Ag cuardach cothromaíochta: Ag tabhairt aire do thuismitheoirí ag dul in aois, agus ag iarraidh féinchúram a chleachtadh.

01/08/2023 | Self Help
An bhfuil tú ag streachailt, ag iarraidh an iomarca a láimhseáil? An bhfuil ort aghaidh a thabhairt ar do dheacrachtaí féin agus tú gafa le cúram do thuismitheoirí?

Más ea, níl tú leat féin. Is iomaí duine atá ag dul i ngleic leis na dúshláin chéanna. Cé go bhfuil buntáistí ag baint leis, is aistear casta é fosta, lán go béal le castachtaí leochaileacha. Mar chóitseálaí saoil agus hipniteiripeoir, le taithí aici sna réimsí thuasluaite, tuigim go maith na deacrachtaí atá os do chomhair.

Anseo thíos, leagaim béim ar roinnt straitéisí úsáideacha le cothromaíocht a bhaint amach.

Cumarsáid Shoiléir –ag croílár caidreamh sláintiúil ar bith, tá cumarsáid oscailte agus mhacánta. Fiú leis an gcaidreamh atá agat le do thuismitheoirí. Léirigh do chumas, do laigí agus rud ar bith atá tú ag súil leis go soiléir agus go cineálta. Cabhraíonn sé seo le bunús an chaidrimh – go bhfuil tuiscint láidir idir na páirtithe ón tús.

Roinn na Freagrachtaí – ná déan dearmad go bhfuil daoine eile ann arbh fhéidir leo aire a thabhairt d’ do thuismitheoirí. Ná bíodh drogall ort cúnamh a iarradh ar do chlann, ar chairde nó ar bhaill de do phobal fiú. Ní amháin go laghdaíonn sé seo an t-ualach oibre atá ort, ach faigheann do thuismitheoirí aire agus tacaíocht ó ghréasán iomlán de dhaoine.

Socraigh teorainneacha réalaíocha – is gné den fhéinchúram atá anseo, ní laige atá ann. Bíodh tuiscint agat ar an méid atá indéanta, duit féin, gan do mheabhairshláinte nó do shláinte fhisiciúil a chur i mbaol. Ná déan dearmad, seans gur socrúchán fadtéarmach a bhéas i gceist – caithfidh tú do luas féin a ghearradh.   

Bain úsáid as acmhainní pobail – is féidir an-leas a bhaint as acmhainní an Rialtais. Déan roinnt taighde maidir le cúnamh airgeadais, cúram faoisimh agus eolas ginearálta maidir le seirbhísí atá ar fáil ar mhaithe leat féin agus do mhuintir.

Bí báúil duit féin – muna dtugann tú aire duit féin, beidh tú cloíte agus seans go dtiocfaidh olc ort. Déan tosaíocht den fhéinchúram, chomh maith le roinnt ama saor a thabhairt duit féin le faoiseamh a thógaint agus d’anáil a tharraingt.

Bí oscailte do mhaithiúnas a thabhairt – thuas seal, thíos seal atá aistear an chúramóra. Ní bheidh an freagra ceart agat i gcónaí, ach tarlaíonn sé sin. Bí cineálta agus tuisceanach duit féin nuair a dhéanann tú botún.

Bain leas as an teicneolaíocht – tugann teicneolaíocht deiseanna duit nasc láidir a choinneáil le do thuismitheoirí fiú muna bhfuil tú leo, go fisiciúil. Le físghlaonna agus teachtaireachtaí WhatsApp, is féidir cumarsáid leanúnach a bheith agat, agus súil a choinneáil ar do mhuintir, fiú ‘s tú i bhfad uathu.

Sosanna Rialta – ná déan dearmad nach bhfuil mórán maitheasa ionat muna bhfuil tú in ann don mhéid atá os do chomhair. Caithfidh tú aire a thabhairt duit féin le go mbeidh tú in ann aire a thabhairt do dhaoine eile. Bain taitneamh agus tairbhe as d’am saor.

Cén straitéis is feiliúnaí duit?

Ta ról suntasach ag chuile straitéis i gcothromaíocht a aimsiú – idir féinchúram agus aire a thabhairt do thuismitheoirí atá ag dul in aois. Tóg nóiméad anois le feiceáil cén straitéis a bheadh tábhachtach duit féin, agus cén chaoi a bhféadfá é a chur i bhfeidhm i d’aistear féin.

Leanaimis leis na gcomhrá.

Déan teagmháil liom más mian leat an méid thuas a phlé. Mar chóitseálaí saoil agus hipniteiripeoir, is féidir liom cúnamh a thabhairt duit leis na dúshláin seo, agus níos tábhachtaí fós, uirlisí a thabhairt duit le taitneamh a bhaint as an saol.

Click right here to book your free personal discovery call today